Ag teacht amach go tír mór ag damhsaí. I gcuraigh sa tsamhradh agus sa gheimhreadh thagadh siad amach in half deckers. Chaitheadh siad fanacht sa bhád ar an Bhunbheag thar oíche corr oíche mar go mbíodh sé ró-gharbh le imeacht isteach go Gabhla. Bhíodh a mbricfeasta acu ar an bhád. Théadh na curraigh isteach ar an ché úr ag Port an Churraigh. Amanna bhíodh 24 currach ag teacht amach. Théadh siad go halla Dhoirí Beaga agus halla Bhaile Láir, ní raibh na damhsaí ró-dhaor, 2 scilling a chosain siad san am le fáil isteach.
Níor tharla tragóid ar bith in am Nóra ach tharla roimhe sin, is iomaí duine a cailleadh. | 00:03:18 | |